Cuireann Seirbhís Tiolacan Cúirte Ghrúpa Cúnta na mBan abhcóideacht agus tacaíocht ar fáil do mhná atá ag iarraidh leas a bhaint as na roghanna dlíthiúla maidir le foréigean ag fear céile nó páirtí reatha nó iarfhear chéile nó iarpháirtí.
Is é Seirbhís Tacaíochta Duine le Duine Ghrúpa Cúnta na mBan a sholáthraíonn an tseirbhís seo. Tá saineolas agus saintuiscint ag Oibrithe Tacaíochta Ghrúpa Cúnta na mBan ar an gcóras dlí teaghlaigh agus ar na roghanna dlíthiúla atá ar oscailt do mhná atá ag maireachtáil le foréigean baile.
Is féidir leat leas a bhaint as an tseirbhís maidir le ceann ar bith de na cúiseanna dlíthiúla seo a leanas, dá bhfuil cuairt ar an gcúirt ag teastáil:
D'fhéadfadh strus a bheith i gceist le hiarratais a dhéanamh ar orduithe faoi reachtaíocht um fhoréigean baile. D'fhéadfadh sé go bhfuil tú ag mothú domheanmnaithe agus náirithe ag an mí-úsáid atá tarlaithe duit cheana. Corruair, féadann sé a bheith imeaglaithe aghaidh a thabhairt ar chóras cúirt dlí theicniúil ina bhfuil teanga agus nós imeachta neamh- aithnidiúil.
Féadfaidh roinnt fachtóirí an cás seo a dhéanamh níos measa. B'fhéidir go mbeadh eagla ort bheith os comhair do pháirtí eagóraigh i gcúirt dlí. B'fhéidir go mbeadh eagla ort roimh fhrithbheart aige. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair duit tacaíocht a lorg ó do theaghlach nó ó do chairde d'fhonn iad a fheiceáil trí phróiseas na cúirt. B'fhéidir nár inis tú dóibh faoin mí-úsáid.
Féadfaidh Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat tríd an bpróiseas seo.
Is féidir leat coinne a dhéanam trí Líne Chabhrach Shaorfhóin Náisiúnta Ghrúpa Cúnta na mBan ag 1800 341 900. Más mian leat an tseirbhís tionlacan cúirte a úsáid buailfidh tú ar dtús le Seirbhís Tacaíochta Duine le Duine Ghrúpa Cúnta na mBan. I rith an chruinnithe seo, déanfaidh oibrí tacaíochta an méid seo a leanas:
Ar lá d'éisteachta cúirte, déanfaidh Oibrí Tacaíochta Ghrúpa Cúnta na mBan an méid seo a leanas:
Braitheann an méid ama a mbeidh an tseirbhís á húsáid agat ar do riachtanais. Oibreoidh Oibrithe Tacaíochta Ghrúpa Cúnta na mBan leat d'fhonn do shábháilteacht a uasmhéadú. D'fhéadfadh sé go mbeadh dhá chruinniú de dhíth maidir leis seo. Nó cúpla ceann eile. Tabharfaimid tacaíocht duit fad is a bheidh sé de dhíth ort.