Tacaíocht Duine le Duine Cuireann Seirbhís Tacaíochta Duine le Duine Ghrúpa Cúnta na mBan eolas grinn agus tacaíocht ghrinn ar fáil do mhná a bhfuil foréigean baile ag tarlú dóibh.
Bíonn an tseirbhís ar siúl Dé Luain go dtí Dé hAoine i sé shuíomh i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear:
I measc pointí teagmhála eile le haghaidh cruinnithe tacaíochta, tá ospidéil, nó suíomhanna eile a roghnaíonn mná ar mhaithe le sábháilteacht.
Bíonn an tSeirbhís Tacaíochta Duine le Duine ar siúl ar bhonn coinne amháin. Is féidir coinní a dhéanamh trí scairt a chur ar Líne Chabhrach Shaorfhóin Náisiúnta Ghrúpa Cúnta na mBan ar 1800 341 900. Féadfaidh dochtúirí ginearálta, oibrithe sóisialta agus foireann ospidéil tú a atreorú chugainn chomh maith.
Soláthróidh an tSeirbhís Tacaíochta Duine le Duine tacaíocht agus eolas duine le duine duit. Is féidir leis a bheith fónta suí síos le duine agus labhairt faoi do chás. Cuirfidh Grúpa Cúnta na mBan eolas ar fáil duit maidir le do roghanna agus cuidiú leat agus moladh a dhéanamh ar do shon, más gá.
Tairgeann an tSeirbhís Tacaíochta Duine le Duine Seirbhís Tionlacan Cúirte.
Buailfidh tú le duine dár n-oibrithe tacaíochta. Tá an-oiliúint agus an-taithí ag ár bhfoireann agus tairgeann siad tacaíocht agus eolas ar bhonn aon uaire nó leanúnach, de réir do riachtanas.
Braitheann an méid ama a mbeidh an tseirbhís á húsáid agat ar do riachtanais. Oibreoidh Oibrithe Tacaíochta Ghrúpa Cúnta na mBan leat d'fhonn do shábháilteacht a uasmhéadú. D'fhéadfadh sé go mbeadh dhá chruinniú de dhíth maidir leis seo. Nó cúpla ceann eile. Tabharfaimid tacaíocht duit fad is a bheidh sé de dhíth ort.