Pleanáil do Shábháilteacht
Tuigeann Grúpa Cúnta na mBan gur dhócha go bhfuil tú ag déanamh go leor rudaí le haghaidh tú féin a choinneáil sábháilte agus is tusa an breitheamh is fearr maidir leis an leibhéal riosca atá os do chomhair.
Nuair atá tú ag maireachtáil i gcás mí-úsáide, tugtar tús áite, do shábháilteacht, do shábháilteacht féin agus sábháilteacht na bpáistí. Ní féidir leat an mhí-úsáid a rialú ach b'fhéidir go mbeidh tú ábalta céimeanna a ghlacadh d'fhonn tú féin agus do theaghlach a chosaint. Is féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat plean sábháilteachta a chur le chéile agus is féidir leis an tseirbhís agus tearmann áitiúil um fhoréigean baile an rud céanna a dhéanamh.
Fanacht
- D'fhéadfadh sé a bheith an-deacair caidreamh mí-úsáide a fhágáil agus b'fhéidir nach é an rogha is fearr duit i bpointe ama áirithe. Má tá sé de rún agat fanacht sa chaidreamh, tá roinnt réamhchúraimí is féidir leat a ghlacadh. Mar shampla:
- Coinnigh guthán i seomra a bhfuil glas air ar an taobh istigh agus cuir na huimhreacha éigeandála ar fad de ghlanmheabhair
- Bíodh guthán póca leat.
- Cinn agus pleanáil cá háit a rachaidh tú má fhágann tú an baile (fiú má cheapann tú nach mbeadh gá leat fágáil).
- Ceap códfhocal d'fhonn a insint do do pháistí, do chairde, do theaghlach, nó do chomharsa go bhfuil tú i dtrioblóid agus go bhfuil cuidiú de dhíth ort.
- Má bhíonn sé sábháilte é seo a dhéanamh, coinnigh mála láimhe /mála thar oíche leat le huimhreacha gutháin agus míreanna tábhachtacha ann in áit a mbeidh tú ábalta greim tobann a fháil air má bhíonn ort imeacht go gasta.
Má tá ionsú á dhéanamh ort agus má tá tú i gcontúirt láithreach:
- Cuir scairt ar na Gardaí 999/112 nuair is féidir leis.
- Imigh, más féidir leat.
- Mura mbíonn tú ábalta imeacht, b'fhéidir go mbeifeá ábalta a sheachaint dul isteach in áiteanna cosúil leis an gcistin agus an ngaráiste áit ina bhfuil go leor gléasanna a bhféadfaí iad úsáid mar airm .
- B'fhéidir go mbeifeá ábalta seomraí le láithreacha beaga cosúil le clóiséid nó spáis lámhacáin áit ina bhféadfá a bheith sainithe a sheachaint fosta. D'fhéadfadh sé go mbeifeá ábalta fanacht amuigh ó sheomraí nach bhfuil fuinneoga ar bith iontu.
- Tabhair iarraidh foláireamh a chur chur chuig do chairde, do theaghlach, nó chuig comharsa go bhfuil tú i dtrioblóid agus go bhfuil cuidiú de dhíth ort.
Ag déanamh réidh le fágáil
- Má bhíonn sé beartaithe agat fágáil, cinn cá huair agus cá háit a rachaidh tú.
- B'fhéidir go mbeadh ort a insint do do pháistí go mb'fhéidir go mbeadh gá an baile a fhágáil am éigin amach anseo. Déan cinnte go bhfuil siad sean go leor lena thuiscint go gcaithfear é seo a choinneáil faoi rún agus déan cinnte go dtuigeann siad go bhfuil pleananna agat ar an dóigh a gcosnóidh tú iad agus go bhfuil a gcomhoibriú de dhíth ort.
- B'fhéidir go mbeifeá ábalta bealach le héalú a phleanáil agus é sin a theagasc do do pháistí.
- Aontaigh códfhocal lena insint go bhfuil an t-am ann le fágáil ANOIS.
- Más féidir leat, oscail cuntas coigilteas i d'ainm féin d'fhonn do neamhspleáchas airgeadais a bhunú agus a mhéadú.
- Faigh amach cé a ligfidh duit féin agus do pháistí fanacht leo nó cé a thabharfaidh airgead ar iasacht leat.
- Fág airgead, eochracha breise, agus cóipeanna de dhoiciméid thábhachtachta le duine a bhfuil muinín agat iontu.
- Déan athbhreithniú ar do phlean le Grúpa Cúnta na mBan nó duine éigin atá ag cuidiú leat.
Cad le tabhairt leat?
Má fhágann tú, tabhairt iarraidh na bunriachtanais a thabhairt leat, go háirithe doiciméid a d'fhéadfadh sé bheith deacair iad a fháil ar ais amach anseo. Ach coinnigh cuimhne gurb é an rud is tábhachtaí an tsábháilteacht a shroicheadh. Ná bí buartha mura mbíonn tú ábalta na míreanna a luaitear thíos a thabhairt leat. Is féidir leat teacht ar ais arís le duine le cuidiú leat.
Príomh-mhíreanna:
- Airgead
- Éadaí
- Aitheantas (ceadúnas tiománaí, pas, teastais bhreithe duit féin agus do do pháistí)
- Cógais
- Cártaí UMB, creidmheasa agus dochair
- Eochracha do chairr, do bhaile agus d'oifige
- Bréagáin nó blaincéid chéadrogha na bpáistí
- Uimhreacha tábhachtacha (féach an liosta thíos)
Míreanna úsáideacha eile:
- Eolas ar árachas sláinte
- Doiciméid maidir le leas sóisialach
- Taifid scoile agus leighis
- Aitheantas leas nó ceadanna oibre
- Doiciméid tithíochta amhail ráitis ar léas, gníomhas, nó íocaíocht mhorgáiste
- Taifid airgeadais
- Ceadúnas pósta
- Orduithe cosanta
- Páipéir chaomhnóireachta
- Páipéir inimirce
- Míreanna mhaoithneacha cosúil le grianghraif nó leabhair chéadrogha.
Cad iad na huimhreacha gutháin tábhachtacha le cuimhne a choinneáil orthu?
Coinnigh liosta d'uimhreacha gutháin tábhachtacha in aice láimhe lena n-áirítear:
- Tacsaí
- Cairde agus teaghlach
- Líne Chabhrach Náisiúnta Ghrúpa Cúnta na mBan
- Tearmann áitiúil na mban
- Ionad éigeandála áitiúil um Éigniú
- Oifig leasa shóisialaigh
- Oifig tithíochta
- Aturnae
- Do dhochtúir
- Do mhaoirseoir oibre
- Stáisiún áitiúil an Gharda Síochána
Ná coinnigh ach plean sábháilteachta scríofa má tá sé sábháilte é seo a dhéanamh. Is féidir le Grúpa Cúnta na mBan, do sheirbhís tacaíochta tearmainn áitiúil agus foréigean baile cuidiú leat agus do shábháilteacht á pleanáil agat.
Rudaí le déanamh leis an tsábháilteacht a chosaint i ndiaidh duit fágáil
Tá a fhios againn nach gciallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an bhforéigean i gcónaí nuair a fhágann tú an caidreamh mí-úsáide. Tugann iapháirtithe mí-úsáid do mhórán ban. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort céimeanna a ghlacadh le fanacht sábháilteacht i do bhaile úr.
Mar shampla:
- Coinnigh teagmháil le Grúpa Cúnta na mBan nó do sheirbhís áitiúil foréigean baile. Cuideoidh siad leat do shábháilteacht a phleanáil de réir mar a athraíonn do chúinsí.
- Faigh uimhir ghutháin nach bhfuil liostaithe agus aitheantas glaoiteora.
- Déan glaonna a scagadh le gléas freagartha.
- Sábháil na teachtaireachtaí ar fad ina bhfuil bagairt iontu nó a sháraíonn ordú um fhoréigean baile.
- Oscail cuntais úra i d'ainm féin amháin.
- Nach fan sa bháile leat féin, agus déan do ghnáthamh laethúil éagsúil - athraigh do chomaitéireacht chuig do chuid oibre, agus ná gabh isteach sa bhanc nó sa sármhargadh céanna i gcónaí. Má chasann tú ar do pháirtí, tabhairt iarraidh é a dhéanamh in áit phoiblí. Tabharfaidh Grúpa Cúnta na mBan aghaidh ar na ceisteanna seo leat le linn seisiúin le haghaidh pleanáil sábháilteachta.
- Déan do pháistí a ullmhú ionas go mbeidh a fhios acu cad le déanamh má fheiceann siad an mí-úsáideoir, agus inis dá múinteoirí gurb é tusa an t-aon duine atá údaraithe lena mbailiú ón scoil. D'fhéadfá iarraidh a thabhairt a chinntiú nach dtabharfaidh duine ar bith i scoil do pháistí eolas teagmhála ar bith fút amach.
- Cuir do chás in iúl do do mhaoirseoir oibre, agus socraigh bearta cosanta ansin fosta. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis seo gan dul chun lóin leat féin, a iarraidh ar chomhghleacaí siúl leat go dtí an carr nó an stad bus. D'fhéadfá grianghraf den mhí-úsáideoir a thabhairt do do mhaoirseoir fosta chomh maith ar eagla go dtarlódh achrann ag an obair.
Faigh tuilleadh sonraí faoin dóigh ar féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat.