Cad iad na comharthaí rabhaidh a bhaineann le caidreamh mí-úsáid?
Is éard is foréigean baile ann cás ina dtugann duine amháin iarraidh a bpáirtí a rialú agus iad a bheith faoi bhois an chait acu i ndlúthchaidreamh. D'fhéadfadh sé gur mí-úsáid chorpartha, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid ghnéasach nó mí-úsáid airgeadais atá i gceist. I bhformór na gcásanna is é fir a dhéanann an mhí-úsáid agus is do mhná a tharlaíonn sé. Is féidir leis tarlú do bhean ar bith agus is féidir leis tarlú i mbaile ar bith. D'fhéadfadh sé go bhfuil comharthaí rabhaidh ann go bhfuil do chaidreamh mí-úsáide.
Cad is mí-úsáid chorpartha ann?
Is cosúil gurb é mí-úsáid chorpartha an cineál de mhí-úsáid is inaitheanta atá ann. D'fhéadfadh gortú corpartha tarlú dá bharr, agus i roinnt cásanna d'fhéadfadh sé a bheith bagrach don bheatha. Ní fhágann sé marcanna nó coilm infheicthe i gcónaí. Is foréigean baile é fosta má tharraingnítear do ghruaig nó má chaitear ubh ort. Ná déan gannmheas ar a bhfuil ag tarlú duit. Le himeacht ama éiríonn sé níos measa de ghnáth.
Áirítear leis:
- tú a bhrú
- dorn nó buille a bhuaileadh ort.
- tú a bhuaileadh le bacaí, clubanna gailf, camain, casúir agus criosanna.
- tú a shá le sceana nó le gloine bhriste.
- mantóg a chur ort leis na scréacha a stopadh i rith ionsuithe corpartha.
- seile a chaitheamh ort nó mún a dhéanamh ort.
- greim an-dian a bhaint asat, do ghruaig a tharraingt.
- tú a bhuaileadh nó a éigniú a dhéanamh ort agus tú ag súil, tú a chaitheamh síos an staighre agus tú ag súil.
- do chloigeann a bhuaileann in éadan ballaí agus deaiseanna.
Cad is mí-úsáid mhothúchánach ann?
Is bealach an-éifeachtúil é mí-úsáid mhothúnánach le héagothromaíocht chumhachta a chruthú i gcaidreamh. Go minic ní fheictear daoine lasmuigh den chaidreamh é nó bíonn sé dóláimhsithe acu. Tá mí-úsáid mhothúnánach chomh contúirteach céanna agus atá mí-úsáid chorpartha. Bíonn bagairtí de mhí-úsáid chorpartha nó ghnéasach nó tarlaíonn mí-úsáid chorpartha nó ghnéasach i gceist leis.
Áirítear leis:
- tú a mhaslú
- tú a cháineadh i gcónaí
- tú a rialú agus a mhonatóiriú i gcónaí trí úsáid teicneolaíochta: lena n-áirítear a nguthán a sheiceáil agus a thaifeadadh; logaí a nguthán póca a sheiceáil agus na teachtaireachtaí téacs ar fad a léamh; mí-úsáideoirí ag úsáid earraí frithspiaireachta le ríomhphoist a léamh agus camearaí a shuiteáil go rúnda sa teach.
- bagairtí ón mí-úsáideoir mná, na páistí, agus baill teaghlaigh na mná, nó é féin a mharú, lena n-áirítear sonraí ar an dóigh a ndéanfaidh sé é agus cá huair a dhéanfaidh sé é.
- maoin a mhilleadh lena n-áirítear a gcarranna, an troscán, éadaí agus an teach.
- teanga dhímheasúil a úsáid lena n-áirítear ag tabhairt 'rud' 'raicleach' ar mhná.
- a bheith gafa toisc go dtógann an mí-úsáideoir eochracha a gcarranna leis, folmhaíonn sé an peitreal as a gcaranna, agus goideann nó briseanna sé gutháin sa dóigh nach mbeidh mná ábalta cuidiú a lorg.
- ní fhágtar leo féin choíche iad; mná a leanúint ó sheomra go seomra; dul leo go dtí gach eachtra a bhíonn ar siúl lasmuigh.
Cad is mí-úsáid ghnéasach ann?
I gcás go bhfuil gné rialaithe nó mí-úsáide i ndlúthchaidreamh, tá sé an-chosúil ar fad go dtarlóidh comhéigniú nó mí-úsáid ghnéasach. Tá sé níos deacra do mhná a bhfuil a bpáirtí ag tabhairt mí-úsáid dóibh caidreamh gnéasach saor agus cothrom a bheith acu leis an bpáirtí sin.
Áirítear leis:
- tú a éigniú agus a bhuaileadh arís agus arís eile; tú a nochtú agus a éigniú; á insint duit gurb é do dhualgas é gnéas a bheith agat leis an mí-úsáideoir
- tú a éigniú os comhair na bpáistí.
- tú a éigniú agus tú i staid shoghonta coirp, e.g., go díreach i ndiaidh leanbh a bheith agat.
- Díghrádú gnéasach lena n-áirítear tabhairt ort pornagrafaíocht ghrafach agus chrua a úsáid.
Cad is mí-úsáid airgeadais ann?
Is éard is mí-úsáid airgeadais ann foréigean baile ina n-úsáideann an mí-úsáideoir airgead mar bhealach lena pháirtí a rialú. Beart atá ann a úsáideann mí-úsáideoirí d'fhonn chumhacht a fháil agus d'fhonn ceannsacht a bheith acu ar a bpáirtithe agus bíonn sé ceaptha d'fhonn go mbeidh bean ag brath go hiomlán ar airgead a fháil uaidh. Trí rochtain mhná ar acmhainní airgeadais a rialú cinntíonn an mí-úsáideoir go mbeidh uirthi fanacht i gcaidreamh mí-úsáideach nó bheith faoi dhianbhochtaineacht.
Áirítear leis:
- Airgead an teaghlaigh a rialú
- Gan cead ioncam neamhspleách a bheith ag an mbean
- Bheith ar an mbean cuntas a thabhairt ar gach rud a cheannaíonn sí lena n-áirítear adhmhálacha a thabhairt agus cuntas a thabhairt ar an gcaiteachas ar fad.
- Gan cead a bheith aici earraí pearsanta amhail tampóin agus pillíní sláintíocha.
- Cártaí bainc ar fad na mná a thabhairt leis agus comhchuntais a fholmhú.
- Neamhíocaíocht nó íocaíocht chorrach de chothabháil leanaí.
- Sínithe na mná ar sheiceanna á mbrionnú.
- Ag coinneáil airgid siar toisc nach bhfuil nach mbíonn na mná ag iarraidh gnéis.
- Airgead le haghaidh bia agus le haghaidh billí tí a choinneáil ó mhná agus óna leanaí.
- Ag úsáid an chúlaithe le húdar a thabhairt don mhí-úsáid.
Má cheapann go bhfuil tú, nó go mb'fhéidir go bhfuil tú, i gcaidreamh mí-úsáideach is féidir leat scairt a chur ar Líne Chabhrach Náisiúnta Ghrúpa Cúnta na mBan ag 1800 341 900 inniu le heolas agus tacaíocht a fháil. Léigh tuilleadh faoi fanacht sábháilte agus faoin dóigh ar féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat.