Ár seirbhísí
Má tá aithne agat ar dhuine éigin a bhfuil foréigean baile ag tarlú dóibh, is féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú:
- Feidhmímid an Líne Chabhrach Shaorfhóin Náisiúnta 1800 341 900 (10am go 10pm, 7 lá sa tseachtain ach amháin lá Nollag)
- Cuirimid tacaíocht duine le duine ar fáil i sé shuíomh ar fud Bhaile Átha Cliath lena n-áirítear an Chabhrach, an Chúlóg, Sord, Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid Amiens agus Baile Munna.
- Cuirimid seirbhís tionlacan cúirte ar fáil i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
- Atreoraímid mná go dtí seirbhísí agus tearmainn áitiúla tacaíochta um fhoréigean baile.
Tairgeann ár seirbhísí uile, tacaíocht saor in aisce agus rúnda do mhná agus dá bpáistí a bhfuil foréigean baile ag tarlú dóibh i bPoblacht na hÉireann.