Pleanáil do Shábháilteacht

Tuigeann Grúpa Cúnta na mBan gur dhócha go bhfuil tú ag déanamh go leor rudaí le haghaidh tú féin a choinneáil sábháilte agus is tusa an breitheamh is fearr maidir leis an leibhéal riosca atá os do chomhair.

Nuair atá tú ag maireachtáil i gcás mí-úsáide, tugtar tús áite, do shábháilteacht, do shábháilteacht féin agus sábháilteacht na bpáistí. Ní féidir leat an mhí-úsáid a rialú ach b'fhéidir go mbeidh tú ábalta céimeanna a ghlacadh d'fhonn tú féin agus do theaghlach a chosaint. Is féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat plean sábháilteachta a chur le chéile agus is féidir leis an tseirbhís agus tearmann áitiúil um fhoréigean baile an rud céanna a dhéanamh.

Fanacht

  • D'fhéadfadh sé a bheith an-deacair caidreamh mí-úsáide a fhágáil agus b'fhéidir nach é an rogha is fearr duit i bpointe ama áirithe. Má tá sé de rún agat fanacht sa chaidreamh, tá roinnt réamhchúraimí is féidir leat a ghlacadh. Mar shampla:
  • Coinnigh guthán i seomra a bhfuil glas air ar an taobh istigh agus cuir na huimhreacha éigeandála ar fad de ghlanmheabhair
  • Bíodh guthán póca leat.
  • Cinn agus pleanáil cá háit a rachaidh tú má fhágann tú an baile (fiú má cheapann tú nach mbeadh gá leat fágáil).
  • Ceap códfhocal d'fhonn a insint do do pháistí, do chairde, do theaghlach, nó do chomharsa go bhfuil tú i dtrioblóid agus go bhfuil cuidiú de dhíth ort.
  • Má bhíonn sé sábháilte é seo a dhéanamh, coinnigh mála láimhe /mála thar oíche leat le huimhreacha gutháin agus míreanna tábhachtacha ann in áit a mbeidh tú ábalta greim tobann a fháil air má bhíonn ort imeacht go gasta.

Má tá ionsú á dhéanamh ort agus má tá tú i gcontúirt láithreach:

  • Cuir scairt ar na Gardaí 999/112 nuair is féidir leis.
  • Imigh, más féidir leat.
  • Mura mbíonn tú ábalta imeacht, b'fhéidir go mbeifeá ábalta a sheachaint dul isteach in áiteanna cosúil leis an gcistin agus an ngaráiste áit ina bhfuil go leor gléasanna a bhféadfaí iad úsáid mar airm .
  • B'fhéidir go mbeifeá ábalta seomraí le láithreacha beaga cosúil le clóiséid nó spáis lámhacáin áit ina bhféadfá a bheith sainithe a sheachaint fosta. D'fhéadfadh sé go mbeifeá ábalta fanacht amuigh ó sheomraí nach bhfuil fuinneoga ar bith iontu.
  • Tabhair iarraidh foláireamh a chur chur chuig do chairde, do theaghlach, nó chuig comharsa go bhfuil tú i dtrioblóid agus go bhfuil cuidiú de dhíth ort.

Ag déanamh réidh le fágáil

  • Má bhíonn sé beartaithe agat fágáil, cinn cá huair agus cá háit a rachaidh tú.
  • B'fhéidir go mbeadh ort a insint do do pháistí go mb'fhéidir go mbeadh gá an baile a fhágáil am éigin amach anseo. Déan cinnte go bhfuil siad sean go leor lena thuiscint go gcaithfear é seo a choinneáil faoi rún agus déan cinnte go dtuigeann siad go bhfuil pleananna agat ar an dóigh a gcosnóidh tú iad agus go bhfuil a gcomhoibriú de dhíth ort.
  • B'fhéidir go mbeifeá ábalta bealach le héalú a phleanáil agus é sin a theagasc do do pháistí.
  • Aontaigh códfhocal lena insint go bhfuil an t-am ann le fágáil ANOIS.
  • Más féidir leat, oscail cuntas coigilteas i d'ainm féin d'fhonn do neamhspleáchas airgeadais a bhunú agus a mhéadú.
  • Faigh amach cé a ligfidh duit féin agus do pháistí fanacht leo nó cé a thabharfaidh airgead ar iasacht leat.
  • Fág airgead, eochracha breise, agus cóipeanna de dhoiciméid thábhachtachta le duine a bhfuil muinín agat iontu.
  • Déan athbhreithniú ar do phlean le Grúpa Cúnta na mBan nó duine éigin atá ag cuidiú leat.

Cad le tabhairt leat?

Má fhágann tú, tabhairt iarraidh na bunriachtanais a thabhairt leat, go háirithe doiciméid a d'fhéadfadh sé bheith deacair iad a fháil ar ais amach anseo. Ach coinnigh cuimhne gurb é an rud is tábhachtaí an tsábháilteacht a shroicheadh. Ná bí buartha mura mbíonn tú ábalta na míreanna a luaitear thíos a thabhairt leat. Is féidir leat teacht ar ais arís le duine le cuidiú leat.

Príomh-mhíreanna:

  • Airgead
  • Éadaí
  • Aitheantas (ceadúnas tiománaí, pas, teastais bhreithe duit féin agus do do pháistí)
  • Cógais
  • Cártaí UMB, creidmheasa agus dochair
  • Eochracha do chairr, do bhaile agus d'oifige
  • Bréagáin nó blaincéid chéadrogha na bpáistí
  • Uimhreacha tábhachtacha (féach an liosta thíos)

Míreanna úsáideacha eile:

  • Eolas ar árachas sláinte
  • Doiciméid maidir le leas sóisialach
  • Taifid scoile agus leighis
  • Aitheantas leas nó ceadanna oibre
  • Doiciméid tithíochta amhail ráitis ar léas, gníomhas, nó íocaíocht mhorgáiste
  • Taifid airgeadais
  • Ceadúnas pósta
  • Orduithe cosanta
  • Páipéir chaomhnóireachta
  • Páipéir inimirce
  • Míreanna mhaoithneacha cosúil le grianghraif nó leabhair chéadrogha.

Cad iad na huimhreacha gutháin tábhachtacha le cuimhne a choinneáil orthu?

Coinnigh liosta d'uimhreacha gutháin tábhachtacha in aice láimhe lena n-áirítear:

  • Tacsaí
  • Cairde agus teaghlach
  • Líne Chabhrach Náisiúnta Ghrúpa Cúnta na mBan
  • Tearmann áitiúil na mban
  • Ionad éigeandála áitiúil um Éigniú
  • Oifig leasa shóisialaigh
  • Oifig tithíochta
  • Aturnae
  • Do dhochtúir
  • Do mhaoirseoir oibre
  • Stáisiún áitiúil an Gharda Síochána

Ná coinnigh ach plean sábháilteachta scríofa má tá sé sábháilte é seo a dhéanamh. Is féidir le Grúpa Cúnta na mBan, do sheirbhís tacaíochta tearmainn áitiúil agus foréigean baile cuidiú leat agus do shábháilteacht á pleanáil agat.

Rudaí le déanamh leis an tsábháilteacht a chosaint i ndiaidh duit fágáil

Tá a fhios againn nach gciallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an bhforéigean i gcónaí nuair a fhágann tú an caidreamh mí-úsáide. Tugann iapháirtithe mí-úsáid do mhórán ban. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort céimeanna a ghlacadh le fanacht sábháilteacht i do bhaile úr.

Mar shampla:

  • Coinnigh teagmháil le Grúpa Cúnta na mBan nó do sheirbhís áitiúil foréigean baile. Cuideoidh siad leat do shábháilteacht a phleanáil de réir mar a athraíonn do chúinsí.
  • Faigh uimhir ghutháin nach bhfuil liostaithe agus aitheantas glaoiteora.
  • Déan glaonna a scagadh le gléas freagartha.
  • Sábháil na teachtaireachtaí ar fad ina bhfuil bagairt iontu nó a sháraíonn ordú um fhoréigean baile.
  • Oscail cuntais úra i d'ainm féin amháin.
  • Nach fan sa bháile leat féin, agus déan do ghnáthamh laethúil éagsúil - athraigh do chomaitéireacht chuig do chuid oibre, agus ná gabh isteach sa bhanc nó sa sármhargadh céanna i gcónaí. Má chasann tú ar do pháirtí, tabhairt iarraidh é a dhéanamh in áit phoiblí. Tabharfaidh Grúpa Cúnta na mBan aghaidh ar na ceisteanna seo leat le linn seisiúin le haghaidh pleanáil sábháilteachta.
  • Déan do pháistí a ullmhú ionas go mbeidh a fhios acu cad le déanamh má fheiceann siad an mí-úsáideoir, agus inis dá múinteoirí gurb é tusa an t-aon duine atá údaraithe lena mbailiú ón scoil. D'fhéadfá iarraidh a thabhairt a chinntiú nach dtabharfaidh duine ar bith i scoil do pháistí eolas teagmhála ar bith fút amach.
  • Cuir do chás in iúl do do mhaoirseoir oibre, agus socraigh bearta cosanta ansin fosta. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis seo gan dul chun lóin leat féin, a iarraidh ar chomhghleacaí siúl leat go dtí an carr nó an stad bus. D'fhéadfá grianghraf den mhí-úsáideoir a thabhairt do do mhaoirseoir fosta chomh maith ar eagla go dtarlódh achrann ag an obair.

Faigh tuilleadh sonraí faoin dóigh ar féidir le Grúpa Cúnta na mBan cuidiú leat.

Digital Revolutionaries