Cad is foréigean baile ann?

Bíonn argóintí ag gach duine, agus ní haontaíonn gach duine lena bpáirtithe, lena dteaghlaigh nó le daoine eile a bhfuil dlúthchaidreamh acu leo ó am go céile.

Má thosaíonn sé seo a bheith ina phatrún comhsheasmhach agus má bhíonn eagla ort roimh do pháirtí, is é seo comhartha go bhfuil foréigean baile ag tarlú. D'fhéadfadh sé go mothófá nach bhfuil cumhacht ar bith agat ar do shaol agus go bhfuil do pháirtí i do rialú.

Tá liosta déanta againn de chuid de na comharthaí rabhaidh thíos le cuidiú leat ciall a bhaint as do chás. Tá ceann ar bith de na comharthaí seo tromchúiseach. Ní gá go bhfuil roinnt acu, nó iad ar fad ag tarlú duit d'fhonn a bheith i gcaidreamh mí-úsáideach.

  • Tá eagla ort roimh do pháirtí.
  • Tá eagla do chraicne ort i gcónaí de bharr a athruithe taighd.
  • Caitheann tú am ag iarraidh a dhéanamh amach cén cineál taighd atá air agus tá an fócas ar a chuid riachtanas i gcónaí.
  • Rugann an fearg bua air go furasta faoi rudaí beaga.
  • Bhuail sé tú nó dóbair nár bhuail sé tú agus/do pháistí.
  • Bhí do pháirtí i gcaidreamh mí-úsáide roimhe seo.
  • Cáineann sé do theaghlach agus do chairde agus/nó bíonn sé deacair duit buaileadh leo nó labhairt leo leat féin dá bharr.
  • Tugann sé ainmneacha ort agus bagraíonn sé tú féin agus/nó do pháistí.
  • Bíonn éad air agus cuireann sé i do leith go mbíonn tú ag suirí nó go mbíonn tú mór le fir eile.
  • Cáineann sé tú agus baineann sé an bonn de do mhuinín os comhair daoine eile - lena n-áirítear an chuma atá ort, a dóigh a ngléasann tú, agus/nó do chumais mar mháthair.
  • Ní mheasann sé go bhfuil do riachtanais tábhachtach nó ní thugann sé aird orthu, agus déanann sé na cinntí sa chaidreamh.
  • Bíonn sé deacair duit am a chaitheadh leat féin. Nuair a chaitheann tú am ar shiúl uaidh, bíonn sé ag iarraidh a fháil amach cá raibh tú agus cé raibh tú leis.
  • Rialaíonn sé do rochtain ar bhonnriachtanais amhail an carr, airgead an teaghlaigh, bia, an guthán agus an t-idirlíon.
  • Thug sé ort rud éigin nach raibh tú ag iarraidh a dhéanamh, a dhéanamh.
  • Thug sé ort gnéas a bheith agat leis nó le daoine eile. Thug sé ort páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí gnéis nach raibh tú faoi do shuaimhneas leo.
  • Bhagair sé go ndéanfaí tú a dhíbirt de bharr do stádais inimirce
  • Tugann sé iarraidh gach gné de do shaol a rialú cosúil le cibé acu an n-oibríonn tú nó nach n-oibríonn tú; cé a mbuaileann tú leo agus cá huair; an méid airgid is féidir leat a chaitheamh; cad a chaitheann tú; cad a mbreathnaíonn nó a n-éisteann tú leis ar an raidió nó ar an teilifís.
  • Éilíonn sé a fháil amach cad iad na pasfhocail do do chuntais ríomhphoist agus do do leathanaigh líonraithe shóisialta.

Má cheapann tú i ndiaidh duit é seo a léamh, go bhfuil tú, nó go mb'fhéidir go bhfuil tú, i gcaidreamh mí-úsáideach léigh tuilleadh faoi foréigean baile agus fáigh amach an dóigh ar féidir leat fanacht sábháilte. Má tá páistí agat agus má tá imní ort faoina sábháilteacht, cliceáil anseo.

Digital Revolutionaries